

I Mara Beo, caithimid ár ndúthracht le speicis agus le gnáthóga leochaileacha a chaomhnú agus a chosaint. Tá roinnt tionscnamh ar siúl againn chun maitheas a dhéanamh don timpeallacht agus le go dtiocfaidh beatha na mara slán amach anseo.


Is iomaí turtar ceannramhar a d’athshlánaíomar i gcaitheamh na mblianta, Spike, Peig, Omey, Dylan, Blink, Molly, Sally, Saor, Tallulah, Úna, Mara, Cróga agus Toby ina measc. Agus ná deinimis dearmad ar Maya, turtar eile a thángamar i gcabhair uirthi le déanaí. Is minic a thugtar turtair chugainn ar caitheadh i dtír iad ar thránna agus an tsláinte go dona acu. Is é an próiseas atá againn ná go ndeinimid scrúdú leighis agus anailís fola orthu fad is a choigeartaímid a dteocht choirp de réir a chéile chun cabhrú leo bisiú. Nuair atá biseach iomlán orthu, ligtear amach san fhiántas arís iad. Má ligtear féin, ní féidir déanamh amhlaidh i gcás turtar leithéid Molly de dheasca na ndrochghortuithe a bhain dóibh. Ós rud é nach dtiocfaidís slán san fhiántas, táimid tar éis áit chónaithe bhuan a chruthú dóibh in uisceadán Mhara Beo.
I gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), tá Mara Beo tiomanta do chur le líon na gcnádán in Éirinn, an débheathach is teirce le fáil sa tír! Le seacht mbliana anuas, scaoileadh saor 8,500 buaf óg isteach i ngnáthóg is dual dóibh san Inse, Ciarraí, atá ina cuid de Pháirc Náisiúnta na Mara anois, an t-ochtú Páirc Náisiúnta in Éirinn.
Tá an clár tógála buaf i ngéibheann atá ar súil againn tar éis cur go mór le líon na mbuaf i mbaol seo a thagann slán, idirghabháil a laghdaíonn an líon díobh a fhaigheann bás san fhiántas ó 90% go 25%. Deinimid tarrtháil ar thorbáin, á mbaint as locháin mhí-oiriúnacha chun iad a chur isteach i ngnáthóga a thógamar go speisialta dóibh. Ar an tslí seo, táimid ag tabhairt seans níos fearr do chnádáin dul i líonmhaire san fhiántas. Ní fhéadfaí an tionscadal seo a chur i gcrích gan tabhartais fhlaithiúla ó Irish Natterjack Whiskey!

Bhunaíomar an ghorlann seo i mí na Bealtaine 2006 agus tá ról nach beag aici in uibheacha gliomaigh na hEorpa a fhás. Gach bliain cothaímid na mílte larbha go dtí go mbaineann siad an chéad chéim eile dá saolré amach. Tugann iascairí na háite lámh chúnta dúinn ansan chun iad a scaoileadh isteach i mbá an Daingin. Trí chur leis an líon díobh a thagann slán, cuirimid le líon na ngliomach go háitiúil, rud a théann chun tairbhe don éiceachóras muirí agus do phobail iascaireachta na háite.

Thosaíomar ag obair le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil na Breataine Bige in Abertawe sa bhliain 2005 chun tagáil a dhéanamh ar thurtair dhroimleathair via satailít. Taighde nuálaíoch é seo a thug léargas luachmhar dúinn ar bhéasa agus ar thaisteal na dturtar áille seo, na turtair is mó sa bhfarraige.



Nuair a thagann tú ar chuairt anseo go Mara Beo, cabhraíonn tú linn ár gcuid obair caomhnaithe a mhaoiniú. Féadfaimid ar fad saol agus gnáthóga na mara a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Le chéile is fearr sinn.
Ceannaigh Ticéid
