

Mar an t-uisceadán is mó agus is éagsúlaí in Éirinn, tugaimid cuireadh duit teacht ar aistear iontach trí iontaisí an domhain foithoinn. An té a thugann cuairt orainn, tá eispéireas tumthach dodhearmadta a thaitneodh leis an teaghlach ar fad roimhe nó roimpi. Conas is féidir leis a bheith ar a athrach de dhóigh agus tú i measc piongainí gentoo gnaíúla agus madraí uisce Áiseacha gearrchrúbacha atá lán de spraoi?


Tá stair shaibhir ag Mara Beo a théann siar go 1996, tráth a raibh fís ag na bunaitheoirí (a bhí faoi stiúir an Dr Kevin Flannery agus lucht gnó na háite) go ndéanfadh sé maitheas mhór ionad a thógáil ina gcuirfí iontaisí an aigéin ar taispeáint le go spreagfaidís fiosracht agus fonn caomhnaithe sna daoine a chonaic iad. Cé nach raibh ann ach uisceadán measartha beag ar dtús, tá Mara Beo ar cheann de na taitneamhachtaí mara is fearr in Éirinn anois agus tarraingt mhór ag cuairteoirí air. Ní nach ionadh go dtagann siad ina dtáinte nuair a bhíonn taispeántais iontacha agus cláir oideachasúla ar siúl ann. Tá na saoráidí atá againn anseo méadaithe go mór againn i gcaitheamh na mblianta chomh maith le speicis nua a thabhairt isteach agus a bheith i mbun nuálaíochta an t-am ar fad chun eispéireas atá fíor-thumthach a chur ar fáil.


Tá tiomantas don chaomhnú agus d’oideachas a chur ar an bpobal go smior ionainn i Mara Beo. Tá sé mar mhisean againn ní hamháin daoine a spreagadh agus siamsaíocht a thabhairt dóibh ach an dúlra a chaomhnú chomh maith. Chuige sin, caithimid ár ndúthracht le haird an phobail a tharraingt ar thábhacht na n-aigéan agus ar an éagsúlacht iontach beathra a chothaíonn siad. Déanfaimid ár gcroídhícheall freagracht agus fonn cosanta a chothú i leith na timpeallachta mara i ngach duine a thugann cuairt orainn. Chuige sin, cuirimid taispeántais idirghníomhacha, turais, agus tionscnaimh for-rochtana ar siúl.
Bíodh tú i do dhuine a raibh an dúspéis agat i gcúrsaí mara le fada an lá nó b’fhéidir gurbh é seo an chéad uair duit cuairt a thabhairt ar a leithéid seo d’áit: is cuma! Fáiltímid roimh chách teacht ar aistear fionnachtana linn agus lán na súl á bhaint againn as iontaisí na mara i dteannta a chéile. Táimid go láidir den tuairim nach féidir saol inbhuanaithe a chaitheamh amach anseo gan tuiscint a chothú sa phobal ar ainmhithe mara chomh maith le fonn a chur orthu aire a thabhairt dóibh. Tugaimid cuireadh duit teacht ar aistear fionnachtana agus caomhnaithe linn agus fios maith againn go bhfágann cuairt anseo lorg buan ar chuairteoirí agus go gcothaíonn sí dúthracht iontu aigéin an domhain seo s’againne a chosaint.
Is iad ‘Cosaint’, ‘Cur Chun Cinn’ agus ‘Caomhnú’ na focail faire atá againn ag Mara Beo. Táimid tiomanta go mór do chaomhnú agus d’oideachas a chur ar dhaoine. Chuige sin, déanfaimid ár gcroídhícheall ní hamháin daoine a spreagadh agus siamsaíocht a thabhairt dóibh ach aird an phobail a tharraingt ar thábhacht na n-aigéan agus ar an éagsúlacht iontach beathra a chothaíonn siad leis. Cuirimid taispeántais idirghníomhacha, turais, agus tionscnaimh for-rochtana ar siúl chun freagracht agus fonn cosanta i leith na timpeallachta mara a chothú i ngach duine a thugann cuairt orainn.
Feasacht: Teastaíonn uainn feasacht a ardú maidir le bithéagsúlacht dhomhanda, cruachás na n-éiceachóras, ceisteanna caomhnaithe agus daoine a ghríosadh chun gnímh.
Taighde agus Caomhnú: Déanaimid taighde riachtanach chun tacú le caomhnú éiceachóras mara.
Oideachas: Tugaimid an t-eolas agus na huirlisí cearta do dhaoine chun cur ar a gcumas tacú le hobair chaomhnaithe agus bheith ina gceannairí maidir le cosaint éiceachóras.
Ceannaireacht Institiúide: Táimid meáite ar Mhara Beo a fhorbairt mar lárionad barrfeabhais go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar a bhaineann le caomhnú agus aire do speicis mhara.




Gach eolas a bheadh uait chun lán tairbhe a bhaint as d’eachtra i Mara Beo (idir uaireanta oscailte agus cineálacha ticéid agus na hamanna a chothaítear na hainmhithe), tá sé le fáil anseo.
Fiosraigh