

Fáilte chuig Leithinis Chorca Dhuibhne, mar a bhfuil áilleacht Shlí an Atlantaigh Fhiáin, stair shaibhir agus cultúr bríomhar na Gaeltachta le fáil. Is cuma más dúil san eachtraíocht nó fonn súil a leagan ar sheoda chultúrtha i bhfolach ar an saol a thugann anseo thú, gheobhair rud éigin chun do mhian a mhealladh ar an leithinis.


Níl slí níos fearr chun tús a chur le do sheal i gCorca Dhuibhne ná cuairt a thabhairt ar Mhara Beo, an t-uisceadán is mó in Éirinn! Léim isteach in iontaisí an domhain faoi uisce seo s’againne, mar a bhfuil piongainí, siorcanna agus linn pheataireachta idirghníomhacha. Agus rud éigin anseo chun mian gach éinne idir óg agus aosta a mhealladh, níl a shárú le fáil mar cheann scríbe do theaghlaigh ar thóir spraoi agus deis foghlama.


Gach eolas a bheadh uait chun lán tairbhe a bhaint as d’eachtra i Mara Beo (idir uaireanta oscailte agus cineálacha ticéid agus na hamanna a chothaítear na hainmhithe), tá sé le fáil anseo.
Faigh tuilleadh amach