Header Explore Pg Clownfish
banner-bottom-curve
explore-info_1
explore-info_2

Fiosraigh

Tum tú féin in iontaisí Mhara Beo!

Fáilte go Mara Beo an Daingin, an t-uisceadán is mó in Éirinn! Agus breis agus 28 taispeántas againn, seo do sheans chun eolas a chur ar bheatha na mara ó ar fud na cruinne. Bíodh do dhúil in aithne a chur ar ainmhithe andúchasacha, nó i bhfoghlaim faoi chúrsaí caomhnaithe, nó muna bhfuil uait ach áit éigin chun lá taitneamhach a chaitheamh ann, gheobhair rud éigin a mheallfaidh do mhian san uisceadán iontach seo s’againne.

Faigh Éachtaint ar a Bhfuil i Mara Beo

exhibits

Taispeántais

Téigh ar thuras trínár ngnáthóga uisceacha tumthacha, gach ceann acu ina macasamhail dhílis de thimpeallacht nádúrtha ina gcuirtear speicis mhara éagsúla i lár an aonaigh

Faigh Éachtaint ar ár nGnáthóga
animals

Ainmhithe

Buail le hainmhithe a chuirfidh faoi dhraíocht thú i Mara Beo, idir lucht cónaithe fionnuisce agus ainmhithe diamhra na farraige: a scéal agus a n-iompar féin ag gach neach acu

Buail lenár nAinmhithe
shop

Siopa Bronntanas

Tá togha agus rogha na gcuimhneachán éiceabhách le fáil sa Siopa Bronntanas atá ar an láthair, nó b’fhéidir gurbh fhearr leat breathnú thart ar ár siopa ar líne agus é ag cur thar maoil le bronntanais na mara ar féidir taitneamh a bhaint astu sa bhaile.

Breathnaigh thart ar ár siopa
highlights-img1

Nithe inár dTaispeántais ar Díol Suntais Iad

  • Cósta na bPiongainí: Tar aghaidh ar aghaidh leis na Piongainí Humboldt bríomhara s’againne agus iad ag dul i mbun a ngnóthaí i ngnáthóg atá ina macasamhail dhílis den chineál áite ina gcónóidís san fhiántas.
  • Piongainí an Artaigh: Bain lán do shúl as piongainí gentoo gleoite agus iad ar a sáimhín só i dtimpeallacht Artach.
  • Tanc na Siorcanna: Tar aghaidh ar aghaidh le siorcanna tíogracha gainimh, le turtar ceannramhar maorga agus le go leor ainmhithe eile.
  • Aigéin Thrópaiceacha: Imigh leat ar fán trí sceireacha coiréil agus iad lán de bheatha na mara a bhfuil gach dath faoin spéir orthu.
  • Aibhneacha Áiseacha: Leag súil ar speicis fionnuisce uathúla inár ngnáthóga aibhneacha na hÁise.
  • Foraois Bháistí na hAmasóine: Faigh blaiseadh den Amasóin mhéith, mar a bhfuil speicis éisc ríspeisiúla le fáil.

Linn Pheataireachta Idirghníomhach: Bain taitneamh as eispéireas teagmhálach ina leagfaidh tú lámh a rspeicis mhara.

Le haghaidh mionchuntais ar gach taispeántas Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar leathanach na dTaispeántas

highlights-img2

Ainmhithe atá i Lár an Aonaigh

  • Piongainí gentoo: Le cois bheith spraíúil agus fiosrach, tá na héin seo ar na héin snámha is tapúla ar domhan.
  • Siorcanna Tíogracha: Seo chugat Spike agus Splash, dhá shiorc atá mór groí ach iad iontach séimh mar sin féin.
  • Piongainí Humboldt: Is as Meiriceá Theas ó dhúchas do na piongainí seo agus ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dóibh gona bandaí dubha.
  • Madraí Uisce Áiseacha Gearrchrúbacha: Agus iad chomh spraíúil muinteartha sin, is deacair gan gean a thabhairt do na madraí uisce seo.

Le haghaidh breis eolais faoi na hainmhithe a thiocfaidh faoi do shúil ag Mara Beo an Daingin, Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar leathanach na nAinmhithe A-Z.

planvisit-explore

Do Chuairt

Bhfuil tú réidh chun aghaidh a thabhairt ar eachtra faoi uisce?

Gach eolas a bheadh uait chun lán tairbhe a bhaint as d’eachtra i Mara Beo (idir uaireanta oscailte agus cineálacha ticéid agus na hamanna a chothaítear na hainmhithe), tá sé le fáil anseo.

Faigh tuilleadh amach