Foghlaim
Oideachas Mara do na Glúnta atá le Teacht
I Mara Beo an Daingin, caithimid ár ndúthracht le hoideachas a chur ar dhaoine le go mbeadh meas mór acu ar bheatha na mara. A bhuí lenár gcláir shaincheaptha, cuirfimid eispéiris foghlama tharraingteacha agus thumthacha ar fáil ar shlí a spreagann fiosracht agus dúil i gcaomhnú na n-aigéan i rannpháirtithe idir óg agus aosta. Bí linn agus sinn i mbun na chéad ghlúine eile de lucht cosanta na mara a chothú fad is a chuirfimid ar a gcumas beart a dhéanamh chun ár n-aigéin a chosaint.
Spleodar a chur san fhoghlaim
Áirithintí do Ghrúpaí Scoile
Tabhair faoi eachtra foghlama i Mara Beo an Daingin. Beidh rogha agat idir turais treoraithe nó deis chun tumadh níos doimhne san fhoghlaim ach seal a chaitheamh sa saotharlann ranga ‘Intinní Fiosracha’ atá lonnaithe anseo. Cé acu caint as Béarla nó as Gaeilge atá uait, táimid breá ábalta eispéiris shaincheaptha a chur ar fáil do dhaltaí agus do mhic léinn den uile shaghas.
Téigh Chun Cainte Linn Láithreach


Oideachas sa bhaile
Mol foghlama ar líne
Agus é lán go béal le gníomhaíochtaí spraíúla agus le hábhar oideachasúil faoi bheatha na mara, oireann an Leabhar Nótaí de chuid Mara Beo go seoigh do dhul i mbun foghlama sa bhaile. Dein acmhainní breise a íoslódáil agus faigh tuilleadh amach faoin gcaoi ar féidir leatsa aigéin an domhain seo s’againne a chosaint.
Mol foghlama ar líne
Bí i d’intéirneach linn
Taithí Oibre
Táimid ag glacadh le hiarratais i gcomhair socrúcháin taithí oibre don bhliain 2026/2027 i láthair na huaire! Is deis iontach í seo do mhic léinn ollscoile chun páirt a ghlacadh in aire laethúil a thabhairt d’ainmhithe agus i reáchtáil an uisceadáin.
